Ón gcartlann
Acht Phoblacht na hÉireann, 1948
Acht 1948 atá ar cheann de na cúig cháipéis i gcairt an Chumainn.
Achtaíodh Acht Phoblacht na hÉireann ar an 21 Nollaig 1948. Rinne sé an tAcht um Chaidreamh Coigríche, 1936, a aisghairm agus dhearbhaigh sé gurbh é Poblacht na hÉireann tuairisc an Stáit.
Bhain sé freisin le feidhmiú údaráis feidhmiúcháin ag an Uachtarán i gcúrsaí caidrimh eachtraigh. Tá an tAcht ar cheann de cháipéisí chairt an Chumainn.