Stair an Chumainn
Bunaíodh Cumann 1916–1921 in 1942 chun iar-chomhraiceoirí ó dhá thaobh Chogadh na gCarad a thabhairt le chéile arís i spiorad chomhluadair bhlianta na réabhlóide.

Tháinig Thomas Gay (1884–1953) agus cúigear eile le chéile ar an 7 Nollaig 1942 chun Cumann 1916–1921 a bhunú d’iarchomhaltaí d’Óglaigh na hÉireann agus d’eagraíochtaí gaolmhara a bhí gníomhach idir 1916 agus 1921. Bhí siad ag iarraidh daoine a bhí scartha ag Cogadh na gCarad a thabhairt le chéile arís agus an comhluadar a bhí i measc na nÓglach tráth Éirí Amach na Cásca agus le linn na streachailte ar son an neamhspleáchais a athbheochan, an troid in aghaidh na nDúchrónach san áireamh.

Ba mhian leis na bunaitheoirí go háirithe teagmháil a dhéanamh arís le hiar-chomrádaithe a bhí, ar chúiseanna éagsúla, tar éis imeacht ó na hidéil agus ó na heagraíochtaí a bhí chomh tábhachtach dóibh tráth. Ba é Tommy Gay an chéad Rúnaí Oinigh ar an gCumann agus d’fhan sé sa ról sin go dtí a bhás ar an 2 Eanáir 1953.
Ba é M.W. O’Reilly an chéad Uachtarán ar an gCumann. Thosaigh sé sa phost in 1945 agus chaith sé deich mbliana ann. Tháinig Seán McGarry, a bhí ina gharda cosanta ag Tom Clarke in 1916, i gcomharbacht air. Um Nollaig 1957, bhronn Jack O’Sheehan an slabhra uachtaránachta ar an gCumann. Caitear é ar ócáidí searmanais ó shin.
In 1983, rinneadh Cumann Shean-Bhriogáid Bhaile Átha Cliath, Óglaigh na hÉireann, a ionchorprú sa Chumann de réir mar a bhí a bhallraíocht ag laghdú. Bhí an cumann sin oscailte d’iar-throdaithe Chogadh na Saoirse a bhí fós beo. Níl Cumann 1916–1921 cleamhnaithe le haon ainmníocht reiligiúnach ná le haon eagraíocht pholaitiúil. Rinneadh cuideachta faoi theorainn ráthaíochta de ar an 6 Deireadh Fómhair 1986.

Bhí mórán iaroifigeach d’Óglaigh na hÉireann ina nUachtarán ar an gCumann, ina measc an Ginearál Sean MacEoin, an Ginearál Michael J. Costello, an Ginearál Jack Gallagher, an Coirnéal Dan Bryan, an Ceannfort D.V. Horgan agus an Captaen James Kelly. I measc na nUachtarán eile bhí an t-údar T.P. O’Neill; Martin Walton, a ghlac páirt in Éirí Amach na Cásca; Seán MacBride, réabhlóidí, státaire agus feachtasóir ar son chearta an duine a bhuaigh Duais Nobel na Síochána agus Duais Lenin na Síochána; an Coirnéal Éamon ‘Ned’ Broy; Seán Kavanagh; agus Vinny Byrne. Is iad Máire Uí Nualláin agus Nora Comiskey an bheirt bhan a bhí ina nUachtarán ar an gCumann.

Toghadh Jim Doyle ina Uachtarán in 2016 agus chaith sé deich mbliana sa phost. Tháinig Jack Traynor i gcomharbacht air nuair a toghadh é ag cruinniú cinn bhliana an Chumainn ar an 24 Deireadh Fómhair 2026.

Thacaigh an Cumann le hobair charthanachta freisin agus chuidigh sé le leachtanna cuimhneacháin a chur suas ar fud na hÉireann do dhaoine agus d’imeachtaí a bhain leis an streachailt ar son shaoirse na hÉireann. Gach bliain, bíonn leagan fleisce agus óráid ó dhuine mór le rá sa cheantar nó sa tír mar chuid de chomóradh Éirí Amach na Cásca ag Cnoc an Arbhair. Thug Derek Warfield óráid na bliana 2025 agus toghadh é ar Choiste an Chumainn i mí Dheireadh Fómhair 2026.
Dátaí i stair an Chumainn
- 1942
Bunaíonn Thomas Gay agus cúigear eile an Cumann ar an 7 Nollaig.
- 1957
Bronnann Jack O’Sheehan slabhra oifige an Uachtaráin.
- 1983
Ionchorpraítear Cumann Shean-Bhriogáid Bhaile Átha Cliath sa Chumann.
- 1986
Rinneadh cuideachta faoi theorainn ráthaíochta den Chumann ar an 6 Deireadh Fómhair.
- 2017
Cuirtear tús leis an gcomóradh bliantúil do Ruairí Mac Easmainn i nGlas Naíon.