
Is cúis bhróin do Chumann 1916-1921 bás Joseph E.A. Connell Jr., a fuair bás go suaimhneach ina theach i bhFlorida i mí na Samhna 2026.
Thug Joe Connell léacht phoiblí ar an gConradh Angla-Éireannach 1921 ar an 26 Aibreán 2025 in Ionad an Phiarsaigh. Ba é Cumann 1916-1921 a d’eagraigh an léacht.
Staraí agus dlíodóir Gael-Mheiriceánach ab ea Joe. Bhí a dhúthracht do stair na hÉireann le sonrú ina chuid scríbhneoireachta agus ina chuid léachtaí.
I measc a chuid leabhar bhí Where’s Where in Dublin, Who’s Who in the Dublin Rising 1916 agus An Unfinished Republic. Bhí colún rialta dá chuid á fhoilsiú san iris History Ireland le blianta fada freisin.
Ba mhaith le Cumann 1916-1921 ár gcomhbhrón a chur in iúl dá theaghlach, dá chairde agus dá chomhghleacaithe.
Ar dheis Dé go raibh a anam.